Próifíl
Bunaithe i 1998, is comhlacht comhairleoireacht agus dearadh idirlín é GWC atá lonnaithe san Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éireann.
Misean
Suímh idirlín éifeachtach agus rathúil a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga agus meánmhéid.
Cur chuige
Comhoibríonn GWC libh chun straitéis buntáisteach do bhur ngnó a aimsiú. Léirigh ár dtaithí dúinn go gcuireann an cur chuige seo láithreacht idirlín éifeachtach ar fáil a mheallann agus a chothaíonn bonn dílis custaiméirí. Treoróidh muid sibh tríd an mbéarlagar chun suíomh idirlín a bhaineann úsáíd as an teicneolaíocht is déanaí a chruthú rud a láidróidh caidreamh custaiméirí.
Tionscail
Beidh sibh ag obair le daoine gairmiúla i GWC atá tar éis réitigh gnó ar líne a fhorbairt do chomhlachtaí ó réimse leathan de thionscail. Tá an taithí agus an saineolas againn is cuma an ag lorg réiteach gnó-go-gnó nó gnó-go-custaiméir, nó meascán den phéire, atá sibh .
Tá bród orainn go bhfuil muid ag obair le réimse leathan de chliantaí ó thionscail éagsúla; comhlachtaí bogearraí, ríomhthráchtála, turasóireachta agus eagraíochtaí Gaeilge gan ach a bheagán a lua. Is féidir breathnú ar shamplaí d'ár gcuid oibre ach cuairt a thabhairt ar ár rannóg cliantaí.
An Ghaeilge
Tá páirt lárnach ag an nGaeilge san obair atá déanta ag GWC ó bunaíodh muid. Is cainteoir dúchais í stiúrthóir an chomhlachta le taithí ag obair le comhlachtaí ar nós an Nuachtán Gaeilge, Foinse agus Áras Shorcha Ní Ghuairim, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tuigeann muid na riachtanais ar leith atá ag comhlachtaí Gaeilge maidir le straitéis éifeachtach idirlín a fhorbairt .
Cuireann muid seirbhís iomlán Gaeilge ar fáil agus tá taithí ar leith againn i gcruthú agus i gcur i bhfeidhm réitigh Idirlín éifeachtach do chomhlachtaí atá ag obair i réimse na Gaeilge.
Teicneolaíochtaí
Tá an tIdirlíon ag athrú níos tapúla ná aon earnáil eile. Tá sé tábhachtach an teicneolaíocht is oiriúnaí do bhur ngnó a úsáid chun go mbeidh sibh in ann a bheith san iomaíocht. Bíonn oiliúint leanúnach i gceist le GWC sa chaoi go mbeidh an leibhéal is airde saineolais á chur ar fáil ag ár bhfoireann maidir le straitéis agus teicneolaíocht.
Na Meáin
Seo thíos tagairtí a rinneadh de GWC sna meáin:-
Raidio na Life
Gnó 106 - Márta 8, 2005
Bhí an stiúrtheoir, Marian Ní Chonghaile i mbun cainte faoi chursaí gnó le Maebh Ní Fhallúin ar an gclár Gnó 106.
Raidio na Gaeltachta
Leagan na mBan - Iúil 3, 2004
Bhí stiúrtheoir an chomhlacht i mbun cainte faoi mná agus cursaí gnó.
The Irish Times - Eanair 10, 2001
Déanadh cuir síos ar www.drama-gaeilge.com suíomh a dhearadh GWC roimh an Nollag.
The Irish Times - Samhain 22, 2000
Bhí GWC san Irish Times mar comhairleoir idirlíon ag oscailt Áras Shorcha Uí Ghuairm, Carna, Co. na Gaillimhe.
"Ionad oideachais sa Ghaeltacht atá faoi chúram na hollscoile".
Idir Mhagadh 's Dáiríre, TG4 - Samhain 6, 2000
Rinne an clár Idir Mhagadh 's Dáiríre píosa ar E-ghnó le stiúrtheoir an chomhlacht Marian Ní Chonghaile.
|