Baile
Prófíl
Seirbhísí
Pacáistí
Teistiméireachtaí

Teagmháil

Leagan Béarla




 

 

Seirbhísí

Cruthaíonn GWC suímh idirlín atá inoibrithe, éasca le n-úsáid agus slachtmhar, suímh a thugann an deis daoibhse an méid atá uaibh a fháil ón idirlíon. Déanfar réitigh a phlé libh ar bhealach soiléir intuigthe, gan aon bhéarlagar.

An rud nua é Forbairt Suíomh Idirlín daoibh
Má tá sibh aineolach ar fhorbairt shuíomh Idirlín, is féidir linne comhairle a chur ar fáil daoibh maidir le gach gné den phróiseas, ábhar suímh idirlín, straitéis suímh idirlín agus an chaoi is fearr le margaíocht a dhéanamh ar bhur suíomh don spriocmhargadh is leithne.

Feabhas ar shuíomh atá ann cheana
Más rud é go bhfuil suíomh agaibh ach gur mian libh é a thabhairt suas chun dáta, tabharfaidh muid comhairle daoibh maidir leis na feabhsúcháin atá riachtanach, molfaidh muid réiteach níos fearr, agus cuirfidh muid i bhfeidhm é chomh luath agus atá sibh sásta go gcomhlíonann sé bhur riachtanais féin.

Comhairleoireacht
Cuirtear tús lenár seirbhís phearsanta le cruinniú chun bhur riachtanais áirithe a phlé sa chaoi go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar bhur ngnó agus bhur n-aidhmeanna straitéiseacha.

Soiléiríonn an próiseas seo bhur spriocanna ar-líne agus leagann sé síos bunchloch d'aimsiú na spriocanna seo. Tugann muid comhairle maidir le hóstidirlín, ainmneacha fearainn, agus bealaí chun suímh atá ann cheana féin a fheabhsú.

Dearadh
Leagan amach saineolach ar leathanaigh idirlín rud a chruthaíonn suíomh idirlín soiléir, tarraingteach, éifeachtach agus éasca a úsáid.

Bainfear úsaid as an mbogearraí is déanaí, Adobe Photoshop 5.5. chun íomhánna ardchaighdeánacha a chur le bhur leathanaigh idirlín. Allaire HomeSite 4.5 chun na leathanaigh a chuir lena chéile.

Margaíocht
Déanfar margaíocht ar-líne a chur le margaíocht as-líne chun go mbeidh sibh in ann níos mó daoine laistigh de bhur sprioc-mhargadh a aimsiú agus ag an am céanna bhur suíomh idirlín agus bhur ngnó a chur chun cinn i measc bhur gcustaiméirí reatha.

Cuirfidh muid bhur suíomh faoi bhráid gach inneall tóraíochta agus na heolairí cuí sa chaoi go mbeidh custaiméirí nua in ann sibh a aimsiú.

Gaelic Web Creations CMSgaelic web creations cms

Córas Bainistiú Ábhar

Ligeann an córas seo cead duit imeachtaí, téacs agus íomhánna a athrú ar an suíomh idirlíon ag úsáid an brabhsálaí, mar shampla “Internet Explorer”.

Suímh Ríomhthráchtála
Ag ceannach ar-líne, idirbheartaíochtaí daingin agus catalóga táirgí.

Suímh Dhátheangach
Cuirfear an leagan Gaeilge ar fáil le haistriúcháin.

Cothabháil Leanúnach
Déanfar athruithe (eisceachtach/suas chun dáta faoi sceideal) sa todhchaí tar éis bhur suíomh a bheith críochnaithe agus curtha ar-line.


'Cuireann GWC an dearadh idirlín agus na seirbhísí forbartha is
fearr ar fáil do ghnólachtaí beaga'.